Scroll Top
Diocese of Cashel, Ferns and Ossory

Launch of a new CD of hymns and carols, as Gaeilge

Cumann Gaelach na hEaglaise 10686668_765070406906690_7371144575982261690_n

PREAS RÁITEAS- PRESS RELEASE (ENGLISH VERSION BELOW) 

Ardaígí bhur gcroíthe

AIbEiAIAAABECLyH5aqC79S59gEiC3ZjYXJkX3Bob3RvKigyYWY4MDAyODk3MmY2ZTk3NTY4MWNlM2M4NDM1ZWQyYTVjMzg0ODdlMAFxtVY-E_TUsrVw988l3kJQkq5IvgDé Sathairn, 31 Eanáir, seolfaidh Cumann Gaelach na hEaglaise dlúthdhiosca nua d’iomainn agus de charúil i nGaeilge.  I dTeach Caibidle Ardteampaill N. Cainneach,  Cill Chainnigh, a bheidh an seoladh ar 10.30 am.

Tá an dlúthdhiosca seo de 16 iomann agus carúl, Iomainn agus Carúil Choitianta, as Gaeilge, á sheoladh ag Cumann Gaelach na hEaglaise chun freastal ar riachtanais na bpobal – agus an líon pobal ag síor-fhás –  ar fud na tíre ar mian leo bheith ag adhradh trí Ghaeilge nó go dátheangach agus ar mhaith leo roinnt iomann a bheith mar chuid den tseirbhís.   Tá leabhar iomann dátheangach ag dul leis an dlúthdhiosca.   Tá sé i gceist go mbeadh an leabhar iomann seo mar bhreis ar Leabhar Iomann na hEaglaise ina bhfuil roinnt iomann i nGaeilge cheana féin.

Seolfaidh an Fíor-Oirmhinneach Michael Burrows, Easpag Chaisil, Fhearna agus Osraí, agus an Fíor-Oirmhinneach Robert Paterson, Easpag Sodor agus Mhanainn, i bpáirt le chéile an dlúthdhiosca is an leabhar agus labhróidh an tEaspag Paterson faoin tslí ina bhfuil Gaelg Mhanainn á shníomh isteach san adhradh ar Oileán Mhanainn.

Canfaidh na hamhránaithe aonair, Cárthach Mac Craith,  Jacynth Hamill, Éamonn Ó Faogáin agus Darren Ó Droma ag an seoladh agus Cór Fear na nDéise as Co. Phort Láirge á dtionlacan.

D’fháiltigh an tEaspag Michael Burrows, Éarlamh Chumann Gaelach na hEaglaise, roimh an tionscnamh agus dúirt sé:

“Cuireann an tionscnamh is déanaí seo de chuid Chumann Gaelach  na hEaglaise ríméad orm agus is ábhar áthais ar leith  é go bhfuil an seoladh seo ag tarlú i gCill Chainnigh le linn  chuairt an Easpaig Robert Paterson ó Oileán Mhanainn. Tá gaol cairdis le roinnt bliana anuas idir a dheoisesean agus ár ndeoise agus tá an-mheas agam ar an dóigh inar chuir sé úsáid Ghaelg Mhanainn chun cinn sa liotúirge.  Is annamh a chríochnaíonn sé féin seirbhís gan roinnt focal den dteanga a úsáid”.

Cuirfear críoch leis an seoladh le seirbhís ghairid ar 12 nóin a bheidh á tionlacan ag Roisin Rowley-Brooke, scoláire orgáin an ardtempaill, agus Cór Fear na nDéise. Curifear lón éadrom ar fáil ina dhiaidh.

Beidh an taispeántas, An Ghaeilge in Eaglaise na hÉireann, le feiceáil.  Tugann an taispeántas  léargas ar an ról a d’imir fir is mná iontacha san Eaglais a bhí ina dtacadóirí le hionad is le ról na Gaeilge i saol na hEaglaise.

Beidh fáilte roimh chách.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó: Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge

Teil: 00+353 85 1632772  nó  00+44 7885 633651 nó r-phost: gaeleaglais@gmail.com nówww.facebook.com/gaeleaglais

FAISNÉIS CHÚLRA Cumann Gaelach na hEaglaise:  Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun (1) meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, (2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais, (3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus (4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise. Suíomh gréasáin: http://www.facebook.com/gaeleaglais 

Lift up your hearts

ENGLISH VERSION

AIbEiAIAAABECLyH5aqC79S59gEiC3ZjYXJkX3Bob3RvKigyYWY4MDAyODk3MmY2ZTk3NTY4MWNlM2M4NDM1ZWQyYTVjMzg0ODdlMAFxtVY-E_TUsrVw988l3kJQkq5IvgOn Saturday 31 January , Cumann Gaelach na hEaglaise will  launch a new  CD of hymns and carols, as Gaeilge,  in the Chapter House of St. Canice’s Cathedral,  Kilkenny, at 10.30am.

Cumann Gaelach na hEaglaise is launching this CD of 16 hymns and carols,  Iomainn agus Carúil Choitianta, as Gaeilge,  to meet the needs of the growing number of congregations around the country that seek to worship in Irish or bilingually and would like to include some hymns in their services.  A bilingual hymnbook  accompanies the CD.  The hymnbook  is intended to supplement the Church Hymnal which already contains a number of hymns in Irish.

The CD will be launched jointly by the Right Rev Michael Burrows, Bishop of Cashel, Ferns and Ossory and the Right Rev Robert Paterson, Bishop of Sodor and Man who will speak to how Manx is being incorporated in worship in the Isle of Man.

The soloists,  Cárthach Mac Craith,  Jacynth Hamill, Éamonn Ó Faogáin and Darren Ó Droma will also perform at the launch and they will be accompanied by Cór Fear na nDéise from Co. Waterford.

Bishop Michael Burrows, Patron of Cumann Gaelach na hEaglaise, welcomes this initiative, saying,

“I’m delighted about this latest initiative on the part of Cumann Gaelach  na hEaglaise and it is a particular pleasure that this launch is taking place in Kilkenny during the visit of Bishop Robert Paterson from the Isle of Man. His diocese and ours have had a companion relationship for some years now and I have admired the manner in which he has effectively promoted the use of Manx in liturgy… Rarely himself completing a service without using some words of it!”

The launch will be followed by a short concluding service at 12.00am, accompanied by Roisin Rowley-Brooke, the cathedral organ scolar, and Cór Fear na nDéise. There will be a light lunch afterwards.

The exhibition, An Ghaeilge in Eaglaise na hÉireann, be on display. It provides an insight into the role of extraordinary men and women in the Church who have been advocates for the place and role of the Irish language in the life of the church.

Everyone is welcome.

Further information is available from: Caroline Nolan, Irish Language Development Officer

Tel: 00+353 85 1632772  or  00+44 7885 633651 or by email: gaeleaglais@gmail.com orwww.facebook.com/gaeleaglais

 

BACKGROUND INFORMATION  Cumann Gaelach na hEaglaise:  The Irish Guild of the Church was founded in 1914 to (1) promote all that tends to preserve within the Church of Ireland the spirit of the ancient Celtic Church and to provide a bond of union for all members of the Church of Ireland inspired with Irish ideals, (2) promote the use of the Irish language in the Church, (3) collect from Irish sources suitable hymns and other devotional literature, (4) encourage the use of Irish art and music in the Church.  Facebook:http://www.facebook.com/Gaeleaglais